
Córas Mac Léinn ar Líne
Tá forbartha ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara, Córas Mac Léinn Ar Líne atá den chéad scoth. Is é an córas mac léinn seo an córas is fearr sa domhan é. Ligeann an teicneolaíocht chóipchirt seo don mhac léinn tuilleadh a fhoghlaim go héifeachtach agus páirt níos mó a ghlacadh san ábhar atá i gceist. Tá sé éasca a úsáid, tá neart eolais ann agus tá sé idirghníomhach. Tá neart gnéithe ag an gcóras a chuidíonn le sealbhú teanga níos cumasaí agus a chuidíonn le dul chun cinn i scrúduithe.
Gnéithe den chóras
Ligeann an córas mac léinn ar líne duit neart rudaí a dhéanamh: 
- Breathnú ar do shonraí profaíle clárúcháin
- Do stair thinrimh a sheiceáil
- Athbhreithniú a dhéanamh ar do thorthaí scrúdaithe/ dul chun cinn
- Aiseolas a fháil ó mhúinteoirí
- Do shonrasc ar líne a phriondáil amach
- Breathnú ar Fhéilire na hInstitiúide
- Breathnú ar Imeachtaí Nua
- Teachtaireachtaí a fháil
- Fanacht i dteagmháil le do chomrádaithe ranga
- Athbhreithniú a dhéanamh ar an méid atá déanta sa rang gach seachtain
- Seiceáil ar an obair bhaile atá le déanamh don chéad seachtain eile
- Rochtain a fháil ar nótaí cóipchirt
Córas Tuismitheora / Caomhnóra Ar Líne
Tá coimitmint láidir ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara caidreamh a chruthú idir tuismitheoirí / caomhnóirí agus múinteoirí. Tá bród orainn as an méid a dhéanann muid a bheith oscailte / soiléir agus tá bród orainn as ár gcoimitmint bualadh le tuismitheoirí / caomhnóirí agus an pobal araon. Mar sin, do thuismitheoirí / do chaomhnóirí de mhic léinn faoi 18, is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí Cuntas Tuismitheora / Caomhnóra ar Líne a fháil chun teacht ar thaifid tinrimh a mic / a hiníne, marcanna scrúdaithe, tuairimí ó mhúinteoirí agus neart eile. Chun rochtain a fháil ar an gcuntas seo téigh chuig: www.kli.ie/tuismitheoir nó www.kli.ie/caomhnoir
Gnéithe Slándála
Tá roinnt mhaith príomhghnéithe slándála ag Córas na Mac Léinn ar líne. Ina measc siúd tá:
- Teastas Slándála cumasaithe: criptíonn sé do chuid eolais ar fad.
- Nuair atá tú logáilte isteach, taispeánann an córas an t-am agus an data deireanach a logáil tú isteach agus an seoladh IP chomh maith.
- Má fhágtar díomhaoin é, logálann an córas amach go huathoibríoch tar éis deich nóiméad.
- Pasfhocal slán – ní féidir ach le Roinn Theicneolaíocht an Eolais KLI an pasfhocal seo a athrú.
- Déantar monatóireacht ar an gcóras go leanúnach chun slándáil den chéad scoth a chinntiú.
- NÍ choinneoidh KLI do shonraí íocaíochta ar bhealach ar bith.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil linn
|