Cúrsaí Béarla do Dhaoine Fásta agus Óga ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara (KLI)
KLI – An Scoil
Tá cáil ar Institiúíd na dTeangacha, Cill Dara (KLI) as a feabhas acadúil i múineadh agus foghlaim an Bhéarla mar dhara teanga. Tá ár múinteoirí ar fad ardcháilithe agus is céimithe ollscoile ar fad iad. Tá na blianta taithí acu i múineadh an Bhéarla mar dhara teanga. Cinntíonn muid timpeallacht chairdiúil agus chuiditheach ina chuirean muid caighdeán ard múinteoireachta ar fáil.
Suíomh
Tá Institiúíd na dTeangacha, Cill Dara (KLI) lonnaithe i gceann de na tíortha is cairdiúla agus is áille ar domhan. Tá an Institiúíd lonnaithe i Má Nuad, Co. Chill Dara, Éire, in aice le dhá institiúid tríú-leibhéil. Is baile ollscoile beomhar, sábháilte agus cairdiúil é Má Nuad atá lonnaithe 20 ciliméadar ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus 30 nóiméad ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is féidir dul go héasca go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath leis na seirbhísí rialta bus agus traenach atá ar fáil.
Ár gCúrsaí
Ofrálann Institiúíd na dTeangacha, Cill Dara (KLI) réimse cuimsitheach cúrsaí Béarla, ina measc: Gnáthchúrsa Béarla, Dian-Bhéarla, Béarla Gnó, Béarla i gcóir Cuspóirí Speisialta, chomh maith le Béarla do scrúduithe idirnáisiúnta (cuir i gcás, Cambridge agus IELTS). Múintear Cúrsaí Sóisearacha agus Cúrsaí do Dhaoine Fásta taobh amuigh de seo.
Ofrálann muid na leibhéil seo a leanas:
- ATosaitheoirí
- Bunleibhéal
- Réamh-Mheánleibhéal
- Meánleibhéal
- Ard-Mheánleibhéal
- Ardleibhéal
- Cambridge First Certificate Exam (FCE)
- Cambridge Advanced Exam (CAE)
- Cambridge Proficiency Exam (CPE)
- IELTS
Cabhair de dhíth ort agus tú ag roghnú do leibhéil? Tóg ar dTástáil ar Líne nó Mapáil do Leibhéal
Cuireann muid Cúrsaí Scrúdaithe éagsúla eile ar fáil. Féach thíos.
Ábhar Cúrsa Ginearálta
Tá ‘chaon chúrsa struchtúrtha go speisialta le haidhmeanna agus cuspóirí soiléire, chun cinntiú go ndéanann gach aon mhac léinn dul chun cinn suntasach go laethúil. Clúdaítear gach gné – Scríobh, Labhairt, Éisteacht, Léamh, Foclóir, Gramadach, Fuaimniú, agus neart eile. Faigheann gach aon mhac léinn a fhreastóidh ar Institiúíd na dTeangacha, Cill Dara (KLI) nótaí ardchaighdeánacha (nótaí iad seo a bhfuil cóipcheart orthu fiú). Ag na leibhéil ar fad, cuirtear béim láidir ar chumas agus féinmhuinín an mhic léinn i labhairt na teanga.
Baintear úsáid as teicnící éagsúla múinteoireachta agus acmhainní foghlama chun an t-eispéireas foghlama a fheabhsú. Múintear ranganna in atmaisféar idirghníomhach agus suaimhneach, áit a spreagtar na mic léinn chun ceisteanna a chur agus a bheith rannpháirteach sa rang.
Roghanna Scoile do Shóisearaigh (12 – 18 bliain d’aois)
| Roghanna don Chúrsa Sóisearach |
Uaireanta don Chúrsa Sóisearach |
Rogha A: Gnáthchúrsa (15 uair sa tseachtain)
Option B: Dianchúrsa (20 uair sa tseachtain) |
Rogha A: 9.30 – 12.30 (Luan go hAoine)
Rogha B: 9.00 – 13.00 (Luan go hAoine) |
Roghanna Scoile do Dhaoine Fásta (18+ bliain d’aois)
| Roghanna an Chúrsa do Dhaoine Fásta |
Uaireanta an Chúrsa do Dhaoine Fásta |
Rogha A: Gnáthchúrsa (20 uair sa tseachtain)
Rogha B: Dianchúrsa (25 uair sa tseachtain)
Rogha C: Cúrsa Gnó (25 uair sa tseachtain) Déanann na mic léinn an Gnáthchúrsa ar maidin agus an Cúrsa do Bhéarla an Ghnó sa tráthnóna ar feadh uair a’ chloig gach aon lá. |
Rogha A: 9.00 – 13.00 (Luan go hAoine)
Rogha B: 9.00 – 13.00 & 14.00 – 15.00 (Luan go hAoine)
Rogha C: 9.00 – 13.00 & 14.00 – 15.00 (Luan go hAoine) |
Faid an Chúrsa: Maireann gach aon cheacht 55 nóiméad.
Líon na nDaoine sa rang: Tá lion na mac léinn i ngach rang teoranta chun rannpháirtíocht níos mó agus foghlaim fheabhsaithe a chinntiú. Is é meánlíon na mac léinn i ngach rang ná idir 12 agus 15 mac léinn.
Pacáiste tosaithe
Tugtar an méid seo a leanas do gach mac léinn:
- Cárta Mac Léinn KLI (chun a bheith in ann lascainí mac léinn a fháil timpeall na tíre)
- Fillteán KLI
- Cóipleabhar KLI chun nótaí a ghlacadh
- Peann KLI
Socrúchán Ranga ar an gCéad Lá: Sula dtosaíonn mic léinn a ranganna Béarla, déanann siad scrúdú beag scríofa chun leibhéal ceart an Bhéarla a dheimhniú. Tá gá le seisear mac léinn ar a laghad chun leibhéal a thosú.
Ár Múinteoirí: Tá ár múinteoirí ar fad ardcháilithe agus ina gcainteoirí dúchais. Is céimithe ollscoile iad agus tá na blianta taithí acu i múineadh an Bhéarla mar dhara teanga. Tá ár bhfoireann ar fad cairdiúil agus tá sé éasca dul chun cainte leo. Tá ár múinteoireacht dírithe go hiomlán ar an mac léinn. Creidimid i dtimpeallacht láidir mhúinteoireachta agus fhoghlama – sin an fáth go n-úsáideann muid teicnící éagsúla múinteoireachta agus acmhainní éagúla foghlama chun an fhoghlaim a fheabhsú. Spreagtar mic léinn chun ceisteanna a chur agus a bheith go hiomlán rannpháirteach sa rang.
Measúnú: Déantar measúnú ar gach mac léinn ar bhun seachtainiúil trí scrúdú scríofa agus/nó scrúdú cainte chun cinntiú go bhfuil sé/sí ag déanamh dul chun cinn suntasach ag deireadh gach seachtaine.
Córas Mac Léinn ar Líne: D’infheistigh Institiúid na dTeangacha, Cill Dara go láidir i gCóras Mac Léinn ar Líne saincheaptha den chéad scoth. Is é Córas Mac Léinn ar Líne de chuid KLI ceann de na córais is fearr ar domhan. Cumasaíonn an teicneolaíocht chóipchirt seo an mac léinn chun foghlaim go héifeachtach agus a bheith níos idirghníomhaí san ábhar staidéir a bhfuil ar siúl aige/aici. Is féidir le mic léinn seiceáil a dhéanamh ar a marcanna ó na scrúduithe seachtainiúla, tinreamh, tuairimí ó mhúinteoirí, sonrasc ar líne agus neart eile. www.kli.ie/student
Ina theannta sin, do thuismitheoirí / do chaomhnóirí de mhic léinn faoi 18, is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí Cuntas Tuismitheora / Caomhnóra ar Líne a fháil chun teacht ar thaifid tinrimh a mic / a hiníne, marcanna scrúdaithe, tuairimí ó mhúinteoirí, sonrasc ar líne agus neart eile. www.kli.ie/parent nó www.kli.ie/guardian
Teastas: Nuair atá cúrsa curtha i gcrích, gheobhaidh gach mac léinn teastas oifigiúil deimhnithe ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara. Lena chois sin, gheobhaidh gach mac léinn Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn. Tá Teastais Tinrimh ar fáil ach iad a iarraidh.
___________________________________________
Cúrsaí Ullmhúcháin do Scrúduithe
Ofrálann Institiúid na dTeangacha, Cill Dara, réimse leathan cúrsaí scrúdaithe. Creidimid go bhfuilimid ag barr na maitheasa maidir le feabhas oideachasúil agus ní eisceacht ár gcúrsaí scrúdaithe ESL ach an oiread. Tá bród orainn as ár múinteoirí fuinneamhacha agus an taithí atá acu chun cinntiú go mbainfidh ár mic léinn torthaí den chéad scoth amach.
Tá ár gcúrsaí deartha chun dian-ullmhúchán a thabhairt duit atá de dhíth ort chun a bheith rathúil i do scrúdú roghnaithe. Gheobhaidh tú comhairle faoi leith duit féin maidir leis na gnéithe den Bhéarla ar cheart duit díriú orthu chun do sheacht ndícheall a dhéanamh sa scrúdú.
Chomh maith leis sin, déantar monatóireacht ar gach mac léinn go seachtainiúil chun cinntiú go bhfuil sé/ sí ag déanamh dul chun cinn suntasach chun a p(h)óintinseal a bhaint amach. Cuireann muid nótaí cóipchirt ar fáil do gach aon cúrsa scrúdaithe, briseann muid síos gach scrúdú céim ar chéim, díríonn muid ar theicnící scrúdaithe, agus baineann muid torthaí den chéad scoth amach.
Soláthraíonn muid cúrsaí do na scrúdaithe seo a leanas. Cliceáil ar an scrúdú chun tuilleadh eolais a fháil…
Cúrsaí do Scrúduithe Gnó
Soláthraíonn muid na cúrsaí seo do na scrúduithe gnó seo a leanas. Cliceáil ar an scrúdú chun tuilleadh eolais a fháil…
* Tabhair faoi deara go ndéantar na Cúrsaí Sóisearacha, na Cúrsaí do Dhaoine Fásta agus na Cúrsaí do Scrúduithe Gnó a bhfuil réaltóg (*) in aice leo, mar bharr ar na huaireanta don Ghnáthchúrsa / Dianchúrsa. Freastalaíonn na mic léinn ar an nGnáthchúrsa / Dianchúrsa ar maidin agus ullmhaíonn siad dá scrúdú sa tráthnóna (5 uair bhreise sa tseachtain). Tabhair faoi deara go gcaithfear ar a laghad ochtar a bheith ann chun cúrsa scrúdaithe a thosú.
___________________________________________
Cúrsaí ar Bhéarla an Ghnó
Sa saol nua-aimseartha, is buntáiste mór Béarla an Ghnó a bheith ar do thoil agat (agus fiú, riachtanas), saol a bhfuil an Béarla mar theanga na Tráchtála, an Idirlín, Gréasánú, agus Margaí. Lena chois sin, ní féidir eolas ar Bhéarla an Ghnó a shárú sa Margadh Fostaíochta agus is buntáiste ollmhór é i ndul chun cinn do ghairme beatha.
Múineann Múinteoir Teanga Gnó, a bhfuil taithí blianta aige/aici, gach cúrsa gnó - taithí de bhlianta ag cuidiú le mic léinn ardtorthaí a bhaint amach. Creidimid go bhfuil muid ag barr an chluiche maidir le hardchaighdeán oideachasúil agus muid ag soláthar Cúrsaí Teanga Gnó.
Spreagtar mic léinn chun curanna i láthair a dhéanamh bunaithe ar ábhar ranga agus ar a dtaithí féin. Is cúrsa thar a bheith moltach é seo chun cuidiú le daoine proifisiúnta a bheith níos féinmhuiníní agus níos cumasaí agus iad ag baint úsáide as a gcuid Béarla i gcomhthéacs gnó. Ina theannta sin, is féidir cúrsaí a shaindhearadh go speisialta chun freastal ar riachtanais na mac léinn.
Tá ár gcúrsaí deartha chun an dian-ullmhúchán atá de dhíth ort a sholáthar, chun a bheith rathúil i ngnó an Bhéarla. Gheobhaidh tú nótaí cóipchirt chomh maith le comhairle pearsanta duit féin maidir leis na gnéithe den teanga ar gá duit díriú orthu chun a bheith fiú níos rathúla!
Sampla de roinnt réimsí a chlúdaítear:
| Cumarsáid an Ghnó |
Ríomhthráchtáil |
| Fógraíocht sa Ghnó |
Taidhleoireacht |
| Pleanáil Ghnó |
Cur i Láthair |
| Caint Díolacháin |
Scileanna Léitheoireachta agus Scíbhneoireachta Bhéarla an Ghnó |
| Béarla an Teileafóin |
Ríomhphost & Idirlíon |
| Cáipéisí Gnó |
Foclóir Gnó |
| Ag Plé Staitisticí |
Margaíocht |
| Cora agus Nathanna Cainte an Ghnó |
Ag Anailísiú / Ag Deiscríobh Treochtaí agus Figiúirí |
| Trádáil Ghnó |
Cumarsáid ag Cruinnithe |
Cúrsaí do Scrúduithe
ar Bhéarla an Ghnó
Do
mhic léinn ar mian leo obair i dtreo Cáilíochtaí
Idirnáisiúnta i mBéarla an Ghnó, cuireann
muid cúrsaí ar fáil chun mic léinn a
ullmhú do na Scrúduithe Idirnáisiúnta seo
a leanas i mBéarla an Ghnó. Cliceáil ar an
scrúdú chun tuilleadh eolais a fháil…
*
Tabhair faoi deara go ndéantar na Cúrsaí do
Scrúduithe Gnó a bhfuil réaltóg (*) in
aice leo, mar bharr ar na huaireanta don Ghnáthchúrsa/
Dianchúrsa. Freastalaíonn na mic léinn ar an
nGnáthchúrsa/ Dianchúrsa ar maidin agus
ullmhaíonn siad dá scrúdú sa tráthnóna
(5 uair bhreise sa tseachtain). Tabhair faoi deara go gcaithfear ar a
laghad ochtar a bheith ann chun cúrsa scrúdaithe a
thosú.
Grúpaí Corparáideacha
Anois,
níos mó ná riamh, is riachtanas é eolas
ar Bhéarla an Ghnó chun a bheith rathúil i ngnó
agus i dtráchtáil idirnáisiúnta. Sin an
fáth go bhfuil níos mó comhlachtaí ag
spreagadh a bhfostaithe nach bhfuil an Béarla ó dhúchas
acu, freastal ar ranganna Béarla ag Institiúid na
dTeangacha, Cill Dara (KLI) chun caighdeán Béarla a
bhfostaithe a fheabhsú. Tá na buntáistí
do ghnónna gan teorainn – ritheann do ghnó níos
éifeachtaí agus feabhsaíonn sé leibhéil
chumarsáide idir fostaithe agus custaiméirí. Dá
bharr seo uilig, fásann corrlaigh brabúis go mór.
Ofrálann
KLI rátaí íslithe do ghnónna ar mian leo
líon dá bhfostaithe a sheoladh dúinn chun a
gcaighdeán Béarla a fheabhsú. Braitheann an ráta
íslithe ar líon na bhfostaithe a fhreastalaíonn
ar na ranganna. Tá an tairisicint seo ar fáil do
ghnónna beaga agus móra.
___________________________________________
Teagasc Príobháideach/ Béarla i gcóir Cuspóirí Speisialta
Teagasc Príobháideach/ Béarla i gcóir Cuspóirí Speisialta ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara
Soláthraíonn Institiúid na dTeangacha, Cill Dara, teagasc duine le duine le Múinteoirí Béarla ardcháilithe agus spreagaitheacha agus a bhfuil taithí láidir acu.
Is minic go mbaineann mic léinn leas as teagasc príobháideach chun a scileanna cainte, gramadaí, scríofa, éisteachta, foghraíochta a fheabhsú nó ullmhnú i gcóir scrúduithe, iad seo agus fáthanna nach iad. Baineann líon mór mac léinn gnó leas as teagasc príobháideach, chomh maith. Tagann roinnt mac léinn le haghaidh ábhar speisialaithe atá ar fáil freisin.
___________________________________________
Clár Sóisialta KLI
Déanann KLI a seacht ndícheall le cinntiú go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt le neart rudaí spraoiúla a dhéanamh. Sin an fáth go smaoinímid ar iliomad bealaí chun go mbeidh SPRAOI agat agus tú ag foghlaim an Bhéarla ag KLI Ireland. Seo sampla de roinnt gníomhaíochtaí a sholáthraíonn muid dár mic léinn:
Gníomhaíochtaí Spóirt Samplacha don Tráthnóna:
- Peil
- Cispheil
- Badmantan
- Leadóg
- Scuais
- Snámh agus neart eile
Gníomaíochtaí Samplacha as an gCampas:
- Rince Gaelach i dTeach Tábhairne Gaelach Traidisiúnta
- Babhláil
- Galf dhá mhaide
- Galf
- Marcaíocht ar Chapall
- Pictiúrlann
Turais Leathlae Samplacha
- Turas ar Bhaile Átha Cliath
- Músaem Chumann Lúthchleas Gael
- Monaracha Guinness
- Príosún Chill Mhaighneann
- Drioglann Fuisce Jameson
- Ard-Mhúsaem na hÉireann
Turais Lae Samplacha ar an Sathairn
- Cathair Bhaile Átha Cliath
- Cathair na Gaillimhe
- Caisleán Chill Chainnigh
- Cnoc Teamhrach/ Gleann na Bóinne
- Gleann Dá Loch
- Eastáit Chúirt an Phaoraigh
- Ceann Bré
- Binn Éadair
Is féidir le mic léinn rogha a dhéanamh a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí sa tráthnóna/ san oíche agus turais ag an deireadh seachatine. Gearrtar táillí ar ghníomhaíochtaí ar an gcampas agus taobh amuigh den champas, íoctar iad seo ar bharr na dtáillí don chúrsa agus don lóistín
___________________________________________
Lóistín KLI
Is féidir le mic léinn ag Institiúid na dTeangacha, Cill Dara (KLI) réimse roghanna lóistín a roghnú. Roghnaíonn KLI an lóistín atá ar fáil go cúramach agus scrúdaítear é chun cinntiú go bhfaighidh tú ardchaighdeán lóistín.
Lóistín le Teaghlach Óstaigh:
Roghnaíonn go leor mac léinn fanacht le teaghlach óstaigh. Roghnaítear gach aon teaghlach óstaigh go cúramach agus déantar monatóireacht orthu chun cinntiú go bhfaighidh tú an caighdeán is airde agus is féidir. Tá rogha agat idir seomra singil agus seomra dhá leaba. Soláthraíonn an teaghlach óstaigh bricfeasta, lón agus dinnéar ón Luan go hAoine, na béilte ar fad ag an deireadh seachtaine agus níochán roinnt bheag éadaí. Is iondúil go bhfuil an lóistín gar don Institiúid chun go mbeidh tú in ann siúl ann.
Teach Iostas Féinfhreastail:
Tá an rogha ag mic léinn fanacht i seomra singil nó seomra dhá leaba i dteach le mic léinn eile. Tá gach teach gar go leor chun siúil go dtí an Institiúid agus tá cistin leis na háiseanna ar fad ann, meaisín níocháin agus triomadóir agus Teilifíseán/ Seinteoir DVD. Cuirtear éadaí leapan agus tuáillí ar fáil nuair a thagann tú.
Lóistín Árasáin:
Tá rogha ag mic léinn fanacht i seomra singil nó seomra dhá leaba in árasán le mic léinn eile. Ofrálann gach árasán cóiríocht throscánaithe nua-aimseartha agus tá rochtain shlán agus smachtaithe ann. Tá an chuid is mó de na hárasáin mar ensuite agus tá cistin ann leis na háiseanna ar fad, meaisín níocháin, triomadóir agus teilifíseán. Cuirtear éadaí leapan agus tuáillí ar fáil duit nuair a thagann tú.
Lóistín i dTeach Aíochta, Leaba & Bricfeasta, agus Óstán:
Soláthraíonn Institiúid na dTeangacha, Cill Dara roghanna breise lóistín – Teach Aíochta, Leaba agus Bricfeasta agus Lóistín in Óstán. Tá siad seo ar fad gar don Institiúid chun go mbeifeá in ann siúl ann. Le haghaidh tuilleadh eolais ar phraghasnna, ar dhátaí agus cad atá ar fáil ag amannta faoi leith, téigh i dteagmháil linn.
Mar sin, níl am níos feiliúnaí ná anois chun Béarla a fhoghlaim. Bheadh ríméad an domhain orainn dá ndéanfá staidéar linn agus go mbeadh am den scoth agat anseo ag KLI Ireland. Ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn má tá eolas breise de dhíth ort nó dá mba mhaith leat cúrsa a chur in áirithe.
Tuilleadh Eolais…?
Ar mhaith leat dul i dTeagmháil Linn?
Féach ar Thuairimí ó Mhic Léinn
Léigh 10 fáth le KLI a roghnú
Tóg ár dTástáil Bhéarla ar líne
Faigh amach faoi Leibhéil Chúrsaí agus Torthaí Scrúdaithe
Faigh amach níos mó faoinár gCóras Mac Léinn ar Líne
Faigh amach Cá bhfuil KLI Lonnaithe
Féach ar Ghrianghrafanna de Chill Dara agus Áth Cliath
Féach ar Ghrianghrafanna dár gClár Sóisialta
Féach ar Ghrianghrafanna dár Lóistín
Faigh amach faoi Riachtanais Víosa
Íoslódáil ár mBróisiúr
Caith súil ar ár bhFéilire
Féach ar Dhátaí agus Praghasanna ár Scoile Sóisearaí
Féach ar Dhátaí agus Praghasanna ár Scoile do Dhaoine Fásta
Faigh Meastachán do do Chuairt
Ar mhaith leat do Chúrsa a chur in áirithe?
|