
Polasaí Príobháideacha Institiúid Teangacha Chill Dara Teo.
Tá Institiúid Teangacha Chill Dara Teo. tiomanta chun do phríobháideachas a chosaint. Ní úsáidimid an t-eolas a bhailímid fút ach go dleathach (de réir an Acht um Chosaint Sonraí 1998) agus de réir Cód Cleachtais Which Web Trader.
Is é an t-eolas a bhailímid fút ná d’ainm, do sheoladh, d’uimhir theileafóin, do sheoladh ríomhphoist agus sonraí do chárta creidmheasa/ do chárta dochair. Tá an t-eolas de dhíth orainn chun d’ordú a phróiseáil agus chun an tseirbhís is fearr a chur ar fáil duit.
Ní nochtann Institiúid Teangacha Chill Dara Teo eolas custaiméirí d’aon tríú páirtí.
Ní bhailímid eolas mothálach fút agus beidh an t-eolas a choinnímid cruinn agus suas chun dáta. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn chun an t-eolas a choinnímid fút a sheiceáil agus leasóimid é má tá aon mhíchruinnis ann. Beidh an t-eolas seo coinnithe slán againn de réir ár bpolasaí slándála inmheánach agus de réir an dlí agus an Cód Which Web Trader.
Polasaí Aisíoca
Tá íoslíon mac léinn de dhíth ar Institiúid Teangacha Chill Dara do gach aon chúrsa. Má chealaíonn Institiúid Teangacha Chill Dara cúrsa sula dtosaíonn sé, tabharfar réamhfhógra chomh luath agus is féidir do mhic léinn chláraithe.
Beidh ár ndliteanas teoranta, áfach, d’aisíoc iomlán de tháillí an chúrsa. I gcás neamhghnách ina chealaíonn Institiúid Teangacha Chill Dara cúrsa le linn fhaid an téarma, beidh táillí in-aischurtha ina iomláine do líon na gceachtanna amháin a chaillfeadh an mac léinn dá bharr sin.
Má shocraíonn mac léinn atá cláraithe do chúrsa le KLI nár mhian leis/léi an cúrsa a dhéanamh, ba cheart litir chealaithe a sheoladh i bhfoirm scríofa chuig KLI ar a laghad 14 lá sula dtosaíonn an cúrsa. Déanfar aisíoca iomlána ar an gcúrsa, lúide €150 de tháille chealaithe. I ndiaidh an ama seo, ní bheidh aon aisíoca i gceist. Níl aon aisíoca i gceist i ndiaidh don chúrsa tosú.
I gcás nach bhfuil víosa staidéir rathúil, déanfar aisíoc iomlán ar tháillí lúide táillí bainc. Mar sin féin, mura bhfuil Víosa de dhíth ar mhac léinn in am beidh an polasaí cealaithe thuasluaite i gceist.
Ní thabharfar aon aisíoc do dhaoine a thagann go déanach, a imíonn go luath nó daoine a bhíonn as láthair, ar chúis ar bith, ó ranganna le linn aon chúrsa.
Ní thabharfar aon aisíoc do mhic léinn a athraíonn ó Dhianchúrsa/ Cúrsa Gnó go Cúrsaí Ginearálta.
Ní thabharfaidh KLI aisíoc faoi choinníoll ar bith, ar tháillí cúrsa, ina iomláine nó i bpáirt nuair atá an cúrsa staidéir ar conradh tosaithe ag mac léinn.
Ní thabharfar aon aisíoc as a bheith as láthair ó lóistín corrlá.
Ní thabharfar aisíoc ar bith as bheith as láthair ó ghníomhaíochtaí seach-churaclaim/ ócáidí breise.
Téarmaí agus Coinníollacha
Táillí: Caithfear táillí do Chúrsaí Samhraidh a íoc ina iomláine in Euro 28 lá roimh theacht. Ní chuirfear seirbhísí ar fáil ach amháin nuair a fhaightear táillí. Tá táillí do-aistrithe. Ní chinnteofar clárú do gach aon mhac léinn ach nuair a fhaightear Foirm Chlárúcháin iomlán agus íocaíocht iomlán táillí.
Athruithe ar Theaghlach Óstaigh: Caithfear táille de €150 a íoc má theastaíonn ó mhac léinn bogadh go teaghlach óstaigh eile gan chúis. Caithfear seo a íoc sula bhogann an mac léinn.
Árachas: Roimh theacht go hÉirinn, caithfidh gach duine atá rannpháirteach i gcláir de chuid Institiúid Teangacha Chill Dara a n-árachas féin a eagrú i gcoinne gach costas a d’fhéadfadh teacht as timpiste, tinneas nó cailliúint bagáiste, maoin phearsanta agus airgead.
Áitíonn soláthraithe de ghníomhaíochtaí cosúil le marcaíocht chapaill, rothaíocht srl. go síníonn a dtuismitheoir, a gcaomhnóir nó a gceannaire grúpa tarscaoileadh árachais sula dtosaítear a leithéid de ghníomhaíochtaí. Tá Institiúid Teangacha Chill Dara Teo coiscithe de réir na téarmaí ina pholasaí árachais féin as a leithéid de tharscaoilte árachais a shíniú.
Fadhbanna Sláinte: Caithfear Institiúid Teangacha Chill Dara Teo a chur ar an eolas maidir le haon fadhb shláinte nó aon riachtanas bia faoi leith atá ag rannpháirtithe ag am áirithinte.
Damáiste: Tá rannpháirtithe faoi dhliteanas as aon damáiste a dhéanann siad agus caithfear íocaíocht a dhéanamh as aon damáiste láithreach.
Cláir: Ní bheidh Institiúid Teangacha Chill Dara Teo faoi dhliteanas ach chun grúpaí nó indibhidiúil a sholáthar leis an gclár aontaithe i scríbhinn lena ghníomhaire/ lena chliant.
Ní ghlacann Institiúid Teangacha Chill Dara Teo freagracht as costais a bhaineann le moill ar eitiltí, i.e. lóistín srl.
Ní ghlacann Institiúid Teangacha Chill Dara Teo freagracht as cailliúint nó goid bhagáiste/ giuirléidí pearsanta.
Dlí Infheidhmithe: Tá dlí na hÉireann infheidhmithe maidir le gach caidreamh dlíthiúil idir Institiúid Teanga Chill Dara Teo. agus an client. Tá gach díospóid faoi réir measúnaithe ó bhreitheamh Éireannach údaraithe. Má chuireann cliant dliteanas dlíthiúil ar Institiúid Teanga Chill Dara Teo. ní mór seo tarlú i bPobacht na hÉireann.
|